Aer Arann - Cheap Flights to Ireland - Book Now!
Book FlightsHomeBook a FlightBook a FlightBook HotelsBook HotelsHertz Car HireHertz Car HireTravel ServicesTravel ServicesTimetablesTimetablesDestinationsDestinationsAbout Us
Irish Flag Fáilte chuig Aer Árann
Flags
   
Tá os cionn 600 eitilt sa tseachtain á n-oibriú ag Aer Árann sna tíortha seo a leanas: Éire, an Ríocht Aontaithe, An Fhrainc, An Spáinn, An Phortaingéil agus An Isiltír. D’fhás líon na bpaisinéirí ó 12,000 sa bhliain 1999 go dtí an 1.3 milliún atá tuartha do 2008 ar os cionn 40 aerbhealach. Is í Aer Árann an aerlíne réigiúnach is mó in Éirinn anois, agus an tríú aerlíne is mó a eitlíonn isteach in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Cuireann Aer Árann an-bhéim ar fad ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraímid dár gcustaiméirí. Tugadh aitheantas d’fhiúntas seirbhísí custaiméirí na cuideachta i 2006 nuair a bronnagh gradam aerlíne réigiúnach Palme d’Or na hEorpa uirthi ar son an fhiúntais leanúnaigh, rud a neartaíonn ár ndearcadh nach gá an daonnacht a chuir uainn chun seirbhís fhorásach aerlíne a chur ar fáil. Tá Deimhniú Caighdeáin ISO 9000 ag Aer Árann chomh maith, agus ba í an chéad aerlíne Eorpach a ghnóthaigh an gradam seo sa bhliain 1994.

Mar chuid d’infheistíocht €180 milliún, ghlac Aer Árann seilbh ar an chéad dá eitleán ATR-500 as deich cinn atá ordaithe. Is é an ATR 72-500 an chéad cheann de dheich n-aerárthach a sheachadfar sa dá bhliain atá le teacht. Beidh aerloingeas úrnua ar fad ag Aer Árann faoin mbliain 2009. Cuireann an ATR 72-500 leibhéil nua compoird agus éifeachtúlachta ar fáil do chustaiméirí Aer Árann. Is aerárthach é an ATR atá cineálta don chomhshaol mar gheall ar thréithe éagsúla: astúcháin CO2 níos ísle mar gheall ar dhó laghdaithe breosla, caitheamh breosla atá 70% níos ísle ná scairdeitleáin ar aerbhealaí cosúla, agus caighdeáin nua ciúnais don tionscal. Tá eispeireas custaiméara, iontaofacht agus eacnamaíocht oibriúcháin i bhfad níos fearr ag na haerárthaigh nua.

Tá bunáiteanna aerárthach ag Aer Árann i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i bPort Láirge. Tá a hangar saintógtha féin ag an aerlíne in aerfort na Gaillimhe, mar a bhfuil príomhbhunáit innealtóireachta Aer Árann.

Na buntáistí a bhaineann le heitilt le hAer Árann

Baineann buntáistí éagsúla le heitilt le hAer Árann:
  • Níl táillí bagáiste ann do mhálaí faoi 15kg
  • Níl táilí seiceála isteach againn
  • An t-am seiceála isteach is ísle in Éirinn – 30 nóiméad ar fhormhór na mbealaí
  • Níl gá le páipéar – Cuirtear na Cúrsaí Taistil chuig do fón póca ar SMS saor in aisce nuair atá áirithint déanta
  • Dáileadh suíochán – ní gá duit streachailt chun do shuíochán a fháil!
  • Nuachtán saor in aisce ar bord gach eitilte
  • Seirbhis ghealgháireach
  • Eitilt dhíreach chuig an áit atá uait

D’eitilt a chur in áirithe ar AerArann.com

Ní bheidh deacracht ar bith agat d’eitilt a chur in áirithe ar AerArann.com Cuirimid na seirbhísí seo a leanas ar fáil ionas gur próiseas simplí gan stró atá ann:

  • Próiseas áirithinte i 3 chéim shimplí iomasacha
  • Praghsáil ionraic – is é an praghas a fheiceann tú a íocfaidh tú!
  • Ioc le cárta Laser nó cárta dochair agus sábháil do chuid airgid
  • Táillí cártaí creidmheasa laghdaithe i gcomparáid le haerlínte eile
  • Ní gá duit do chúrsa taistil a phriontáil – seolfar cúrsa taistil chuig do fón ar SMS in aisce nuair atá an áirithint déanta agat; is féidir é seo a úsáid chun seiceáil isteach san Aerfort
  • Tá Seiceáil Isteach ar líne ar fáil 72 uair an chloig roimh imeacht na heitilte ar mhórán aerbhealaí
  • Rátaí iontacha do charranna ar cíos, tithe ósta agus árachas do chustaiméirí uile Aer Árann

Déan áirithint eitilite anois>>

Gliogáil anseo chun léarscáil dár n-aerbhealaí a fheiceáil>>

Gliogáil anseo don chlár ama>>

Má tá ceist agat nó tuilleadh eolais uait gabh chuig ár leathanach teagmhála>>

   
 

Fáilte Welcome Bienvenue Welkom Bienvenido Bem-vindo